This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016A081
Consolidated version of the Treaty establishing the European Atomic Energy Community#TITLE II - PROVISIONS FOR THE ENCOURAGEMENT OF PROGRESS IN THE FIELD OF NUCLEAR ENERGY#CHAPTER 7 - Safeguards#Article 81
Leagan comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach
TEIDEAL II - FORÁLACHA CHUN ASCNAMH A SPREAGADH I RÉIM AN FHUINNIMH NÚICLÉACH
CAIBIDIL 7 - Coimircí
Airteagal 81
Leagan comhdhlúite den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach
TEIDEAL II - FORÁLACHA CHUN ASCNAMH A SPREAGADH I RÉIM AN FHUINNIMH NÚICLÉACH
CAIBIDIL 7 - Coimircí
Airteagal 81
IO C 203, 7.6.2016, p. 33–33
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/euratom_2016/art_81/oj
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/33 |
Airteagal 81
Féadfaidh an Coimisiún cigirí a chur isteach i gcríocha Ballstát. Sula gcuirfidh sé cigire ar a chéad chuairt chigireachta i gcríoch Bhallstáit, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Stát áirithe; is leor an dáil chomhairle sin do gach uile chuairt chigireachta feasta ag an gcigire sin.
Ar scríbhinn i gcruthúnas ar a gcáilíochtaí a thabhairt ar aird, beidh rochtain ag na cigirí, gach tráth, ar gach áit, ar gach sonra agus ar gach duine a bheidh, de bharr a shlí bheatha, ag déileáil le hábhair, le trealamh nó le suiteálacha atá faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear sa Chaibidil seo, sa mhéid gur gá sin chun na coimircí sin a chur chun feidhme ar mhianta, ar bhunábhair agus ar ábhair inscoilte speisialta agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha Airteagal 77. Má iarrann an Stát áirithe é, beidh ionadaithe ó údaráis an Stáit sin in éineacht leis na cigirí a bheidh ceaptha ag an gCoimisiún; ach ní chuirfear moill, ná bac ar bith eile, ar na cigirí dá bhíthin sin i gcomhlíonadh a ndualgas.
Má chuirtear in aghaidh cigireacht a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún iarratas chuig Uachtarán Chúirte Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar ordú á chinntiú go ndéanfar an chigireacht sin go héigeantach. Tabharfaidh Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhreith laistigh de thrí lá.
Má bhaineann contúirt le moill, féadfaidh an Coimisiún féin ordú i scríbhinn a eisiúint, a bheidh ina chinneadh de réir foirme, chun dul ar aghaidh leis an gcigireacht. Déanfar, gan mhoill, an t-ordú sin a chur faoi bhráid Uachtarán na Cúirte Breithiúnais lena fhormheas dá éis sin.
Tar éis an t-ordú nó an cinneadh a eisiúint, áiritheoidh údaráis an Stáit áirithe go mbeidh rochtain ag na cigirí ar na háiteanna a sonraíodh san ordú nó sa chinneadh.