Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024TN0229

    Cás T-229/24: Caingean arna tabhairt an 2 Bealtaine 2024 – Sánchez v an Coimisiún

    IO C, C/2024/4335, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4335/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4335/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4335

    15.7.2024

    Caingean arna tabhairt an 2 Bealtaine 2024 – Sánchez v an Coimisiún

    (Cás T-229/24)

    (C/2024/4335)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Isabel Sánchez (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    cinneadh ón mBord Roghnúcháin an 19 Nollaig 2022 gan ainm an iarratasóra a áireamh ar phainéal ionadaithe na n-iarrthóirí ar éirigh leo i gcomórtas oscailte EPSO/AD/391/21-1 – Saineolaithe i dtacaíocht theicniúil d’Athchóirithe Struchtúrach na mBallstát (AD7) a chur ar neamhní;

    an cinneadh ón gcosantóir an 24 Eanáir 2024 a chur ar neamhní, a mhéid is gá, lena ndiúltaítear do ghearán an iarratasóra a taisceadh an 14 Lúnasa 2023 faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh, i gcoinne an chinnidh thuasluaite;

    a ordú don chosantóir an t-iarratasóir a chúiteamh as an damáiste ábhartha agus morálta a bhain di, toisc gur cailleadh an deis a bheith ar an bpainéal ionadaithe agus a bheith earcaithe, chomh maith leis an damáiste morálta a bhain di agus a meastar gur EUR 5 000 atá i gceist;

    a ordú don chosantóir na costais go léir arna dtabhú ag an dlíodóir san achomharc seo a aisíoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear nár foilsíodh an nós imeachta marcála san fhógra comórtais.

    2.

    An dara saincheist dlí, lena n-éilítear nár urramaíodh deighilt na bhfeidhmeanna idir an Bord Roghnúcháin agus EPSO.

    3.

    An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear nár ullmhaigh an Bord Roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí go leir a chomhlíonann ceanglais an fhógra comórtais.

    4.

    An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear nach raibh an córas marcála trédhearcach agus nárbh é an Bord Roghnúcháin a chinn an córas marcála, agus gur sáraíodh an dualgas cúiseanna a lua agus cearta cosanta an iarratasóra agus prionsabal an dea-riaracháin (diúltú rochtana ar a comhad).

    5.

    An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabal an chomhionannais le linn an agallaimh réimsebhunaithe.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4335/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top