European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4298

15.7.2024

Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 30 Bealtaine 2024 – Vialto Consulting Kft. v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-130/23 P)  (1)

(Achomharc - Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais - Deontais - Imscrúduithe ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) - Smachtbhannaí riaracháin - Eisiamh ó nósanna imeachta soláthair agus dámhachtana deontas arna maoiniú ag buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh - Foilsiú an eisiaimh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh - Comhréireacht na bpionós - Mainneachtain a lua nach ann do bhreithiúnas críochnaitheach nó do chinneadh riaracháin críochnaitheach)

(C/2024/4298)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Achomharcóir: Vialto Consulting Kft. (ionadaithe: S. Paliou agus A. Skoulikis, dikigoroi)

Páirtí eile sna himeachtaí: T. Adamopoulos, F. Behre agus R. Pethke, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Díbhtear an t-achomharc.

2)

Ordaítear do Vialto Consulting Kft, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.


(1)   IO C 286, 14.8.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4298/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)