Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Freagairt chomhchoiteann an Aontais ar COVID-19

Tar éis breis agus 3 bliana, an 5 Bealtaine 2023, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach éigeandáil sláinte dhomhanda é COVID-19 a thuilleadh.

Ba mhór an tionchar a bhí ag paindéim COVID-19 ar dhaoine, ar ár sochaí agus ar ár ngeilleagar, ach d’éirigh leis an Aontas an lámh in uachtar a fháil uirthi mar gheall ar ár gcomhar, ár ndiongbháilteacht, ár mbuanseasmhacht, ár n-eolaíocht agus ár nuálaíocht. 

Bhain an tAontas leas as na hacmhainní ar fad a bhí ar fáil dó chun cuidiú leis na Ballstáit an fhreagairt ar an leibhéal náisiúnta a chomhordú, cuir i gcás eolas oibiachtúil a chur ar fáil faoi leathadh an víris, faoi na hiarrachtaí éifeachtacha a bhí á ndéanamh chun é a shrianadh agus faoi na bearta a bhí ar bun chun an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a bhí déanta ag an bpaindéim a dheisiú.

Ar fud an Aontais, chuidigh bearta dlúthpháirtíochta idir tíortha, réigiúin agus daoine chun an phaindéim a chomhrac agus a shárú.

Chun tacú leo siúd a ndearna an phaindéim difear dóibh ó thaobh na heacnamaíochta de, chun tús a chur le téarnamh na hEorpa agus chun poist a chosaint agus a chruthú, mhol an Coimisiún Eorpach plean téarnaimh ollmhór don Eoraip, plean a bhí bunaithe ar leas iomlán a bhaint as buiséad an Aontais.

Ón leathanach seo, is féidir teacht ar rogha acmhainní i dtaca le COVID-19 a d’fhoilsigh institiúidí an Aontais agus tíortha an Aontais le linn na paindéime.

An chaoi ar fhreagair an tAontas

Tá plean téarnaimh nach bhfacthas a leithéid riamh leagtha amach ag an Aontas chun borradh a chur faoi gheilleagar na hEorpa agus chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, rud a fhágfaidh go mbeidh an Eoraip níos athléimní agus níos oiriúnaí do na dúshláin a bheidh ann amach anseo. A bhuí le thart ar €2 thrilliún i bpraghsanna reatha, tá an Eoraip ag dul i dtreo téarnamh inbhuanaithe athléimneach.

Agus breis agus €800 billiún á chaitheamh aige, chuir NextGenerationEU dlús leis an téarnamh tar éis na paindéime, agus ag an am céanna rinne sé ár ngeilleagair a nuachóiriú agus chuir sé borradh faoin aistriú glan agus faoin aistriú digiteach.

Bhí toradh le feiceáil ar ghníomhaíocht chinntitheach an Aontais ó 2020 faoi Straitéis an Aontais um Vacsaíní. Tá os cionn 80% de dhaonra an Aontais vacsaínithe go hiomlán in aghaidh COVID-19. D’éirigh leis an gCoimisiún Eorpach suas le 4.6 billiún dáileog de vacsaíní in aghaidh COVID-19 a chinntiú go dtí seo, do shaoránaigh na hEorpa agus chun cabhrú le tíortha nach bhfuil san Aontas.

Thug tíortha, réigiúin agus saoránaigh ar fud an Aontais Eorpaigh lámh chuidithe dá gcomharsana le linn na paindéime. Léigh scéalta faoi dhlúthpháirtíocht na hEorpa agus í i mbarr a maitheasa.

Le Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, éascaíodh taisteal sábháilte do shaoránaigh ar fud an Aontais Eorpaigh. Leis an deimhniú sin leagadh síos caighdeán domhanda. Faoi shamhradh 2023, bhí 2.2 billiún ceann de Dheimhnithe Digiteacha COVID an Aontais eisithe.

Ós rud é gur léirigh an phaindéim a thábhachtaí atá comhordú i measc thíortha na hEorpa chun sláinte daoine a chosaint, tá Aontas Sláinte na hEorpa á thógáil ag an Aontas chun ullmhú agus freagairt le chéile do ghéarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo.

Le ráig COVID-19 san Eoraip, scaipeadh rabharta d'fhaisnéis a bhí contúirteach bréagach agus míthreorach go minic. Is iarracht chomhpháirteach é an comhrac in aghaidh na bréagaisnéise, na mífhaisnéise agus an chur isteach eachtraigh, comhrac a bhfuil na hinstitiúidí Eorpacha go léir, na Ballstáit, an tsochaí shibhialta agus na hardáin ar líne bainteach leis.

Féach amlíne na ngníomhaíochtaí a rinne institiúidí an Aontais le linn na géarchéime.