Jump to content

Adonis (file)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Bosca Sonraí Scríbhneoir

File Araibise ón tSiria é Adonis, nó Ali Ahmad Sa'id Asbar, a chaith an chuid ba mhó dá ghairmréim sa Liobáin agus san Fhrainc. Rugadh in Al Qassabin in aice le Latakia (An tSiria) é ar an 1 Eanáir 1930. Scríobh sé breis is fiche leabhar Araibise, idir fhilíocht agus chriticeoireacht liteartha, agus deirtear go bhfuil sé ar an scríbhneoir Araibise is dóchúla le Duais Nobel sa litríocht a bhaint amach, má aosaítear dó.

A Shaol

Feirmeoir a bhí in athair Adonis, agus an mac ag obair sna páirceanna ó bhí sé ina bhrín óg. Alabhaítigh ab ea muintir Adonis, is é sin, bhí baint acu le seict bheag Shítheach nach nglacann cuid mhór de na Muslamaigh Shunnacha léi mar chuid den Ioslam a thuilleadh. Bhí luiteamas ag athair an bhuachalla le filíocht, agus thugadh sé ar a mhac dánta a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Thosaigh Adonis ag cumadh dánta dá chuid féin go luath, agus nuair a bhí sé seacht mbliana déag d'aois, fuair sé deis ceann acu a aithris d'Uachtarán na Siria, Shukri al-Kuwaiti. Thabhaigh sin scoláireachtaí dóibh a cheadaigh dó staidéar a dhéanamh sa mheánscoil áitiúil i Latakia, agus ina dhiaidh sin, in Ollscoil na Damaisce, áit ar bhain sé amach céim san fhealsúnacht sa bhliain 1954.

Deirtear go minic gurbh é Antun Saadeh, ceannaire Pháirtí Shóisialta Náisiúnaíoch na Siria, a bhronn an leasainm sin "Adonis" ar mo dhuine, ach ní mar sin a bhí. Le fírinne, bhí ag teip ar an bhfile a chuid scríbhinní a fhoilsiú sna hirisí Siriacha faoina ainm féin, agus sa deireadh, thosaigh sé ag síniú a chuid scríbhinní mar "Adonis", ainm a chuidigh leis a chuid ábhair a chur i gcló. Sa bhliain 1955, chaith Adonis leathbhliain i dtóin phríosúin, nuair a chuaigh géarleanúint ar bhaill an Pháirtí Shóisialta Náisiúnaíoch. I ndiaidh na príosúnachta, chuaigh Adonis ar imirce go dtí an Liobáin, áit ar bhunaigh sé iris filíochta, Majallat Shir, in éineacht le file eile Siriach-Liobánach, Yusuf al-Khal. Bhí a lán daoine míshásta leis an scríbhneoireacht nua-aimseartha thurgnamhach a d'fheicfeá ar an iris, agus sa bhliain 1964, tháinig deireadh léi. Trí bliana ina dhiaidh sin, d'athbheoigh lucht a heagarthóireachta í, ach níor fhill Adonis ar an iris. Bhí fóraim eile ag Adonis cheana féin lena chuid scríbhneoireachta a fhoilsiú, cosúil leis an nuachtán Liobánach Lisan al-Hal agus, ina dhiaidh sin, iris nua filíochta a bhunaigh sé sa bhliain 1968, Mawaqif. Ba iad an dá réalt eolais a bhí aige ina chuid scríbhneoireachta ná an náisiúnachas pan-Arabach agus spioradáltacht mhisteach an Ioslaim, is é sin, an Súfachas. Bhí sé ina cheannródaí don Nua-Shúfachas a chuaigh chun coitiantachta i bhfilíocht na hAraibise ó na seachtóidí ar aghaidh.

Chaith Adonis na blianta 1960-61 ag staidéar i bPáras, agus sna blianta 1970-85 bhí sé ina ollamh le litríocht na hAraibise in ollscoil na Liobáine. Sna blianta 1980-81, bhí sé ag teagasc Araibise in Ollscoil Sorbonne, Páras.