Is féidir gníomhaíochtaí neamhdhleathacha agus mí-úsáid dlí tarlú in aon eagraíocht, bíodh sé príobháideach nó poiblí, mór nó beag. Is iomaí cineál gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ann, cuir i gcás éilliú nó calaois, míchleachtas nó faillí. Mura dtugtar aghaidh orthu, d’fhéadfaidís díobháil thromchúiseach a dhéanamh do leas an phobail.
Is minic gurb iad daoine a oibríonn le heagraíocht nó a bhíonn i dteagmháil léi ina ngníomhaíochtaí oibre na daoine is túisce ar an eolas faoi na himeachtaí sin agus tá siad, mar sin, i staid phribhléide chun iad siúd ar féidir leo aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a chur ar an eolas.
Sceithirí, i.e. daoine a thuairiscíonn (laistigh den eagraíocht lena mbaineann nó d'údarás lasmuigh) nó a nochtann (don phobal) faisnéis maidir le héagóir a fhaightear i gcomhthéacs oibre, a chabhraíonn chun damáiste a chosc agus bagairt nó dochar do leas an phobail a bhrath, ar bagairtí nó dochar iad a d'fhéadfadh a bheith i bhfolach ar shlí eile.
Ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta áfach tá an chosaint a fhaigheann sceithirí míchothrom agus gan leanúnachas. Is i ngeall air sin go dtagann lagmhisneach ar sceithirí agus nach dtuairiscíonn siad na rudaí is cúiseanna imní dóibh de bharr a n-eagla roimh fhrithbheart.
Ar na cúiseanna sin uile, an 23 Aibreán 2018 chuir an Coimisiún Eorpach pacáiste tionscnamh i láthair, Togra maidir le Treoir i dtaobh cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais agus Teachtaireacht san áireamh, ar pacáiste é lena mbunaítear creat dlíthiúil cuimsitheach um chosaint do sceithirí chun leas an phobail a chosaint ar leibhéal na hEorpa, bealaí tuairiscithe a chur ar bun ar a bhfuil rochtain éasca, an oibleagáid a bhaineann le rúndacht a chur i dtábhacht agus toirmeasc ar fhrithbheart in aghaidh sceithirí chomh maith le bearta spriocdhírithe cosanta a bhunú.
Glacadh an Treoir – (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais – an 23 Deireadh Fómhair 2019 agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Nollaig 2019. Tá go dtí an 17 Nollaig 2021 ag na Ballstáit í a thrasuí ina ndlíthe náisiúnta.
Doiciméid