Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Deiseanna maoiniúcháin do chomhlachtaí poiblí

Na príomhdheiseanna maoiniúcháin

Tacaíocht eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach

Leis an mbeartas comhtháthaithe (nó an beartas réigiúnach) tugtar tacaíocht don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach sna réigiúin sin atá incháilithe chun maoiniú a fháil.

Cuimsítear le Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa 5 phríomhchiste arb é is cuspóir dóibh uile tacú leis an bhforbairt eacnamaíoch i dtíortha uile an Aontais.

Féadfaidh réigiúin uile an Aontais Eorpaigh leas a bhaint as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus as Ciste Sóisialta na hEorpa. Is do réigiúin bheagfhorbartha amháin, áfach, atá an Ciste Comhtháthaithe ar fáil.

Mórthionscadail bhonneagair

Ionstraim speisialta um chúnamh teicniúil is ea JASPERS a d'fhorbair an Coimisiún Eorpach, Grúpa na mBanc Eorpach Infheistíochta agus institiúidí airgeadais eile i gcomhar le chéile.

Is éard is cuspóir dó cuidiú le córais riaracháin phoiblí mórthionscadail a ullmhú a d'fhéadfaí a chómhaoiniú le cistí an Aontais Eorpaigh agus cuidíonn sé le cathracha agus réigiúin cistí an Aontais a iompar trí thionscadail ardchaighdeáin.

Seirbhísí comhairleacha maidir le hionstraimí airgeadais

Ionstraim speisialta um chúnamh teicniúil is ea fi-compass a d'fhorbair an Coimisiún Eorpach, Grúpa na mBanc Eorpach Infheistíochta agus institiúidí airgeadais eile i gcomhar le chéile. Is éard atá ann ardán lena gcuirtear seirbhísí comhairleacha ar fáil maidir le hionstraimí airgeadais faoi Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa agus maidir le micreamhaoiniú faoi Chlár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta.

Deiseanna maoiniúcháin eile

  • D’fhéadfadh rochtain ar mhaoiniú a bheith ag comhlachtaí poiblí trí chláir nua amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Clár sláinte (EU4Health)
  • Is éard is aidhm don Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine óga atá lonnaithe i réigiúin a bhfuil an ráta dífhostaíochta i measc na n-óg os cionn 25% agus nach bhfuil cláraithe le haghaidh clár oideachais ná clár oiliúna faoi láthair. Le haghaidh na tréimhse 2021-2027, rinneadh an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óga a chomhtháthú i gCiste Sóisialta na hEorpa Plus (ESF+) agus caomhnaíodh an fócas ar fhostaíocht na n-óg san am céanna.
  • D'fhéadfadh sé go mbeadh comhlachtaí atá bainteach le réimse na feirmeoireachta incháilithe chun íocaíocht dhíreach a fháil faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT). D'fhéadfadh sé freisin go gcuirfí maoiniú CERT ar fáil do chomhlachtaí poiblí atá rannpháirteach sa Scéim scoile chun torthaí, glasraí agus bainne a sholáthar nó dóibh siúd a chuireann táirgí talmhaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh chun cinn san Aontas agus i dtríú tíortha.
  • De réir na dtosaíochtaí atá ag an tír nó réigiún atá i gceist d'fhéadfadh comhlacht poiblí i limistéar tuaithe a bheith incháilithe chun maoiniú a fháil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) má tá sé d'aidhm ag an gcomhlacht sin feabhas a chur ar na dálaí maireachtála i limistéir thuaithe, ar an gcomhshaol faoin tuath nó ar gheilleagar na tuaithe.
  • Ina cheann sin, comhlachtaí poiblí atá ag iarraidh nuálaíocht a spreagadh agus seirbhísí poiblí níos fearr a chothú, is féidir leo cur isteach ar an gclár Fís Eorpach.
  • Is féidir le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar aon le comhlachtaí áirithe riaracháin iarratas a chur faoi bhráid na Saoráide um Chónascadh na hEorpa ar mhaoiniú le haghaidh tionscadal a fháil
  • Féadfaidh comhlachtaí poiblí gníomhú mar údaráis chonarthacha le haghaidh deiseanna maoiniúcháin i réimse na forbartha. Ag brath ar an gclár atá i gceist d'fhéadfadh comhlachtaí den chineál sin freagra a thabhairt ar ghairmeacha tograí le súil go bhfaighidís deontas faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.
  • Tá maoiniú le haghaidh cabhair dhaonnúil ar fáil do ghníomhaireachtaí cabhrach ó chláir a bhainistíonn Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta. Ina theannta sin, féadfaidh comhlachtaí poiblí maoiniú le haghaidh cosaint shibhialta a fháil faoi chuimsiú na gcodanna sin de na cláir a bhaineann le cosc, ullmhú agus freagairt.
  • Foilsíonn Eurostat gairmeacha tograí atá dírithe ar institiúidí náisiúnta staidrimh agus ar institiúidí náisiúnta nach iad a bhfuil sé de chúram orthu staitisticí oifigiúla a bhailiú nó a chur le chéile agus a fhoilsiú. Is féidir go mbeidh deontais faoin gClár Staidrimh Eorpach ar fáil do na comhlachtaí sin.
  • Tá maoiniú agus cúnamh teicniúil le fáil tríd an Ionstraim um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise, trí SIGMA (Tacaíocht do Dhul Chun Cinn maidir le Rialachas agus Bainistíocht) agus tríd an Nascadh.
  • Cuirtear cabhair mhór airgid ón gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) ar fáil do chomhlachtaí poiblí le haghaidh bailiú sonraí agus gníomhaíochtaí rialaithe. Cuirtear cabhair ar fáil ón gCiste freisin chun tacú leis na comhlachtaí sin na córais atá acu le haghaidh leithdháileadh deiseanna iascaireachta a dhearadh, a fhorbairt, a mheas, a bhainistiú agus chun monatóireacht a dhéanamh orthu.
  • Tá maoiniú ar fáil do chórais riaracháin náisiúnta custam agus cánach faoin dá chlár Custam agus Fiscalis.
  • Cuirtear roinnt deiseanna maoiniúcháin ar fáil do chomhlachtaí poiblí tríd an gClár LIFE um Ghníomhú ar son na haeráide.
  • Féadfaidh comhlachtaí poiblí iarratas a dhéanamh freisin ar thionscadail faoin gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna.
  • Féadfaidh comhlachtaí poiblí cur isteach ar thionscadail a fhaigheann maoiniú ón nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú (HaDEA).
  • Tá deiseanna maoiniúcháin sonracha ar fáil do chathracha