Cosaint sonraí 

Gabhann Coiste Eorpach na Réigiún air féin sonraí pearsanta a chosaint le linn dó na cúraimí atá air a chomhlíonadh agus seirbhísí a sholáthar.

Ceart bunúsach is ea cosaint sonraí pearsanta agus tá sé cumhdaithe in Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh araon.

Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 na rialacha maidir le cosaint sonraí in institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Chomh maith le hachoimre a thabhairt ar na prionsabail dlí maidir le próiseáil sonraí pearsanta, leagtar amach ann cearta na n-ábhar sonraí (daoine a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil), oibleagáidí na rialaitheoirí sonraí agus an ról atá ag an Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS).

Tá sé de cheart ag ábhair sonraí (daoine a ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil) rochtain a iarraidh ar a sonraí pearsanta, saor in aisce agus gan srian. Tá sé de cheart acu a iarraidh go gceartófaí nó go léirscriosfaí a sonraí pearsanta nó go gcuirfí srian ar phróiseáil na sonraí sin. Tá sé de cheart ag ábhair sonraí freisin agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil a sonraí pearsanta.

Nuair is infheidhme, tá sé de cheart ag ábhair sonraí na sonraí pearsanta a bhaineann leo a cuireadh chuig an rialaitheoir a fháil, sin nó a iarraidh go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a chur go díreach chuig rialaitheoir eile (iniomparthacht sonraí). Tá sé de cheart acu freisin toiliú a tharraingt siar tráth ar bith, i gcásanna ina ndéantar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil ar an mbunús dlí sin.

Is iad na rialaitheoirí tarmligthe (eintitis eagraíochtúla an rialaitheora, is é sin Coiste Eorpach na Réigiún) a chinneann cuspóir agus modhanna na próiseála a dhéantar ar shonraí pearsanta agus a chinntíonn go bpróiseálfar sonraí pearsanta chun críoch dlisteanach a shaineofar go soiléir agus chun na gcríoch sin amháin, agus go bpróiseálfar iad ar bhealach cóir agus dleathach agus ar shlí atá slán. Tá sé de chúram orthu freisin a chinntiú go mbeidh na sonraí cruinn, iomchuí, ábhartha agus nach mbeidh siad iomarcach, agus nach gcoimeádfar iad níos faide ná mar is gá. Ina theannta sin, ní foláir do na rialaitheoirí tarmligthe na hábhair sonraí a chur ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar sonraí dá gcuid a phróiseáil agus a chinntiú nach ndéanfar sonraí a aistriú chuig tríú páirtithe go dtí go mbeidh coimircí iomchuí i bhfeidhm.

Is é ról an Oifigigh Cosanta Sonraí (OCS) a chinntiú, ar bhealach neamhspleách, go gcuirfear na rialacha cosanta sonraí i bhfeidhm mar is ceart laistigh de Choiste Eorpach na Réigiún. Is iad na cúraimí atá ar an OCS eolas a thabhairt don rialaitheoir, do na rialaitheoirí tarmligthe agus don phróiseálaí chomh maith le comhairle a chur orthu, oibriú i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus na hábhair sonraí a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí. Coinníonn OCS clár lárnach freisin ina mbailítear taifid maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag Coiste Eorpach na Réigiún i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1725.​

Cad iad na sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gCoiste Eorpach na Réigiún?

Baineann formhór na sonraí pearsanta a phróiseálann Coiste Eorpach na Réigiún le comhaltaí reatha agus iarchomhaltaí an Choiste agus leis na baill foirne.

Ní gnách sonraí pearsanta na saoránach a phróiseáil ach amháin nuair a thugann siad cuairt ar Choiste Eorpach na Réigiún, nuair a chláraíonn siad le haghaidh imeachta, nuair a chuireann siad iarratas isteach nó nuair a chláraíonn siad le ríomhsheirbhís, cuir i gcás:

  • seirbhísí cumarsáide idirghníomhacha a chuireann feabhas ar an teagmháil a dhéantar leis an bpobal, le gnólachtaí, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí poiblí, rud a éascaíonn an próiseas comhairliúcháin beartas, agus an chaoi le haiseolas a thabhairt, chun cabhrú le beartais, gníomhaíochtaí agus seirbhísí an Aontais a mhúnlú;
  • seirbhísí a thugann rochtain ar na cineálacha teagmhála is coitianta a dhéantar leis an Aontas Eorpach, amhail soláthar poiblí, idirbhearta airgeadais, earcaíocht, clárú imeachtaí, doiciméid a fháil nó a cheannach, etc.

Chun eolas beacht a fháil faoi phróiseáil sonraí pearsanta ar leith, ba cheart an Fógra Cosanta Sonraí ábhartha a léamh.

Má tá aon cheist agat faoi phróiseáil do shonraí pearsanta, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an tseirbhís ábhartha atá i gceannas ar phróiseáil sonraí pearsanta (an rialaitheoir tarmligthe) mar a thugtar le fios san Fhógra Cosanta Sonraí ábhartha nó leis an OCS sa Choiste ([email protected]). Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. 


Data protection notices

Communication and events

Security and IT

Surveys

Administration

Roinn :
 
Back to top