Cinneadh Uimh. 18/2020 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Choiste na Réigiún
I
gCinneadh Uimh. 18/2020 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Choiste na Réigiún cumhdaítear go sainráite na prionsabail agus na teorainneacha a leagtar síos i
Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus leagtar síos freisin an nós imeachta maidir le rochtain ar dhoiciméid de chuid an Choiste a iarraidh.
Maidir le doiciméid an Choiste atá luaite sa liosta atá i gceangal le Cinneadh Uimh. 18/2020, beidh rochtain dhíreach ag saoránaigh orthu i gclár leictreonach na ndoiciméad. D'fhéadfaí doiciméid eile a chur san áireamh i gclár na ndoiciméad seo freisin.
Féadann saoránaigh rochtain ar aon doiciméid eile a iarraidh, faoi réir na dteorainneacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.
Ní mór iarratais a dhéanamh ar bhealach sách beacht agus ní mór go mbeidh iontu, go háirithe, faisnéis lenar féidir an doiciméad nó na doiciméid arna n-iarraidh a shainaithint mar aon le hainm agus sonraí teagmhála an iarratasóra. Níl sé d'oibleagáid ar an iarratasóir, áfach, na cúiseanna leis an iarratas a lua (ach amháin i gcásanna áirithe a bhaineann le rochtain ar shonraí pearsanta). Ní mór don Choiste a admháil go bhfuarthas an t-iarratas a luaithe a chláraítear é agus freagra a thabhairt laistigh de 15 lá oibre ón tráth a cláraíodh é (d'fhéadfaí 15 lá oibre a chur leis an spriocdháta seo ar bhonn eisceachtúil).
Má dhiúltaíonn an Coiste rochtain ar an doiciméad a iarrtar go hiomlán nó go páirteach, ní mór dó forais an diúltaithe sin a lua. Beidh 15 lá oibre ag an iarratasóir chun iarratas daingniúcháin a dhéanamh. Ina dhiaidh sin, beidh 15 lá oibre ag an gCoiste arís (agus féadfar 15 lá oibre eile a chur leis an tréimhse sin) chun freagra a thabhairt.
Má dhiúltaíonn an Coiste rochtain iomlán a dheonú fós ar an doiciméad a iarradh tar éis iarratas daingniúcháin a fháil, féadfaidh an t-iarratasóir imeachtaí cúirte a thionscnamh i gcoinne an Choiste agus/nó gearán a dhéanamh leis an Ombudsman Eorpach.
Mura bhfuil tú in ann doiciméad a aimsiú i
gclár leictreonach na ndoiciméad, is féidir leat iarratas ar rochtain ar an doiciméad sin a chur isteach tríd an nasc thíos.
Doiciméad a iarraidh
Chun rochtain ar dhoiciméad a iarraidh, líon isteach an
fhoirm seo a leanas agus roghnaigh 'Rochtain ar Dhoiciméid'.
Teagmhálaithe
Tá an Roinn um Thrédhearcacht agus Rochtain ar Dhoiciméid réidh chun do cheisteanna a fhreagairt agus chun cabhrú leat le do chuid taighde.
Ná bíodh aon leisce ort ríomhphost a sheoladh chugainn nó seol litir chugainn chuig:
Coiste Réigiúin an Aontais Eorpaigh
An tseirbhís cartlainne (oifig JDE 4253)
Rue Belliard/Belliardstraat 99
1040 Bruxelles/Brussel