Tá na toscaireachtaí náisiúnta comhdhéanta de chomhaltaí de Choiste na Réigiún ó gach ceann de na 27 mBallstát. Léiríonn siad an chothromaíocht fhoriomlán pholaitiúil, gheografach agus áitiúil/réigiúnach atá i ngach Ballstát.
Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a cheapann comhaltaí Choiste na Réigiún go hoifigiúil, ar thogra ó na Ballstáit.
I dteannta a chéile, is ionann iad agus tionól Choiste na Réigiún a bhfuil 329 gcomhalta ann, tionól a thagann i gceann a chéile sa Bhruiséil roinnt uaireanta sa bhliain chun tosaíochtaí polaitiúla a phlé agus chun tuairimí a ghlacadh maidir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.
Toghann gach toscaireacht náisiúnta cathaoirleach agus ceapann siad comhordaitheoir. Is é ról an chomhordaitheora idirchaidreamh a dhéanamh idir údarás riaracháin Choiste na Réigiún agus comhaltaí a thoscaireachta náisiúnta.
Séanadh: is iad comhordaitheoirí na dtoscaireachtaí náisiúnta a chuir inneachar na leathanach seo ar fáil.
Ní ghlacann Coiste na Réigiún freagracht ar bith ná dliteanas ar bith i leith na faisnéise atá iontu.