Jump to content

Greannáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le greannáin[1]meán cumarsáide a úsáidtear chun scéalta nó smaointe a chur in iúl trí íomhánna, go minic in éineacht le téacs nó faisnéis eile. Baintear leas as bolgáin chainte, foscríbhinní, agus fuaimfhocail chun comhrá, aithris, nó maisíochtaí fuaime a léiriú. Níl na saineolaithe ar aon intinn maidir le sainmhíniú ar ghreannáin; cuireann daoine áirithe béim ar an meascán idir íomhánna agus téacs, daoine eile ar nádúr seicheamhach na ngreannán, nó fiú ar ghnéithe staire, mar shampla olltáirgíocht nó carachtair athfhillteacha. Úsáidtear an téarma “greannán” i nGaeilge ar an seánra speisialta a dtugtar “comic books” orthu i mBéarla, ach san alt seo, cuimsíonn “greannáin” stiallchartúin, cartúin pholaitiúla, greannáin dhigiteacha nó gréasáin, agus úrscéalta grafacha freisin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]