Jump to content

Lánghealach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Físeán: an Ghealach sa bhliain 2014

Bíonn lánghealach[1][2] ann nuair a mbíonn an Ghealach ar an taobh thall den Domhan ón nGrian, agus leath iomlán den Ghealach lonraithe ag an nGrian.[3]

Bíonn mórghealach[4] ann ag an bpointe is giorra dá fithis timpeall an domhain. De ghnáth bíonn an ghealach timpeall 384,400 ciliméadar ón domhan ach 357,264 ciliméadar uainn a bhíonn an mhórghealach. Bíonn cuma níos mó agus níos gile ar an mórghealach. [5]

Bíonn gealach ghorm ann nuair a bhíonn an dara lánghealach ann in aon mhí amháin, nó an ceathrú ceann in aon séasúr amháin. Ón bhfeiniméan sin a thagann an nath Béarla ‘once in a blue moon’, a chiallaíonn nach dtarlaíonn rud ach uair sna naoi n-aird nó go hannamh.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. nó lán na ré,  lánré, nó gealach lán
  2. i mBéarla, full moon
  3. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  4. i mBéarla, supermoon
  5. 5.0 5.1 "An rud is annamh is iontach – mórghealach ghorm le feiceáil as Éirinn anocht" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-08-19). Dáta rochtana: 2024-08-19.