Mikhail Kalashnikov
Leifteanant-ghinearál in arm an Aontais Shóivéadaigh ba ea Mikhail Kalashnikov (10 Samhain 1919 – 23 Nollaig 2013). Dhear sé an raidhfil ionsaithe, an AK-47, siar sa bhliain 1945. Bíonn an AK-47 ar cheann de na dearaí is clúití agus is íocónaí riamh. Sna 2010idí, bhain beagnach leath de na hairm ar domhan le raidhfilí de dhéantús Kalashnikov.[1]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8e/Kalashnikov_Mikhail_%284%29.jpg/220px-Kalashnikov_Mikhail_%284%29.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b0/Stamp_of_Russia_2014_No_1883_Mikhail_Kalashnikov.png/220px-Stamp_of_Russia_2014_No_1883_Mikhail_Kalashnikov.png)
Freagracht
[cuir in eagar | athraigh foinse]“Cuireann daoine ceist orm go minic an mothaím ciontach mar gheall ar an fhulaingt daonna a dhéantar in ionsaithe leis an AK-47. Insím dóibh gur dhear mé an gunna chun Máthairthír na Rúise a chosaint óna namhaid. Dar ndóigh, bíonn brón agus frustrachas orm nuair a fheicim coimheascair armtha agus m’arm á úsáid ar mhaithe le cogaí creachóireacha agus ar mhaithe le cuspóirí sceimhlitheoireachta agus coiriúlachta. Ach ní hiad na dearthóirí a chaithfeas freagracht a ghlacadh as cá háit a gcríochnaíonn siad suas; is iad na rialtais a chaithfeas smacht a choinneáil ar a dtairgeadh agus ar a n-easpórtáil.”[1]
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/d/d7/Mikhail_Kalashnikov_2019_stamp_of_Russia.jpg/220px-Mikhail_Kalashnikov_2019_stamp_of_Russia.jpg)
Fuair Kalashnikov bás in 2013 agus é 94 bliana d’aois.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Micheál Mac an Bheatha. "Автомат Калашникова An gunna a dearadh chun an Rúis a chosaint" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-05-09.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |