Jump to content

Na meáin shóisialta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist leis na meáin shóisialta[1] ná teicneolaíochtaí idirghníomhacha a éascaíonn do dhaoine ábhar téacs, físe agus closamhairc a chruthú agus a chomhroinnt, chomh maith le smaointe a roinnt, sainspéiseanna a phlé agus go leor eile i bpobail agus líonraí fíorúla. Is aipeannasuímh ghréasáin a bhíonn i gceist leis na meáin shóisialta go minic, mar shampla Facebook, Twitter, TikTok, nó Instagram.

'Ní féidir i ndáiríre na meáin shóisialta a rialú', a deirtear uaireanta agus go dtí na 2020idí, ní raibh rialacháin mar bhac ar na meáin shóisialta. Thosaigh sin ag athrú nuair a lean na comhlachtaí ar aghaidh ag foilsiú ábhar urchóideach agus mídhleathach ar líne, agus tionchar forleathan acu. Bhí iarmhairtí tubaisteacha ann, mar shampla Círéibeacha sa Ríocht Aontaithe 2024. I mí Lúnasa 2024, dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee gur den riachtanas comhlachtaí meán sóisialta gan neamhshuim a dhéanamh de bhagairtí a dhéantar ar dhaoine ar líne agus a leithéidí a bhaint anuas a thúisce is féidir.[2] Thug sí le fios nach bhféadfaí brath a thuilleadh ar chomhlachtaí meán sóisialta le hiad féin a rialáil agus dúirt go raibh Éire ar cheann den bheagán tíortha a bhfuil Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne acu. Ba cheart pionós dian a ghearradh ar na comhlachtaí sin, arsa sí, mura rachaidh siad i ngleic le hábhar urchóideach agus mídhleathach.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, social media
  2. Ag trácht a bhí sí ar an mbagairt a rinneadh ar Instagram ar an Taoiseach Simon Harris, ar a bhean chéile agus ar a gclann
  3. Nuacht RTÉ (2024-08-07). "'Ní thig le comhlachtaí meán sóisialta iad féin a rialáil' – Aire" (as ga-IE).