Ag Cur le Tírdhreach na Meán in Éirinn

Is é Coimisiún na Meán an ghníomhaireacht in Éirinn a fhorbraíonn agus a rialaíonn earnáil na meán atá faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa. Ciallaíonn sé seo meascán de ghuthanna, de thuairimí agus d’fhoinsí nuachta éagsúla. Ciallaíonn sé seo leanaí agus gach duine againn a chosaint ó ábhar díobhálach.

Tá na dualgais seo a leanas orainn:

  • Maoirseacht a dhéanamh ar an maoiniú agus an tacaíocht a thugtar d’fhorbairt na meán in Éirinn i gcoitinne.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar rialáil na craoltóireachta agus na seirbhísí físe ar éileamh.
  • Córas rialála na sábháilteachta ar líne in Éirinn a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Faigh tuilleadh eolais fúinn agus faoinár gCoimisinéirí.

Cuireann an suíomh gréasáin seo roinnt eolais tosaigh ar fáil faoi Choimisiún na Meán. Cuirfear suíomh gréasáin iomlán ina áit in am trátha. Idir an dá linn, tá eolas maidir le rialachán craolacháin in Éirinn ar fáil fós ar www.bai.ie.