Jump to content

Ionchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump (eolas rúnda slándála)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonchúiseamh Feidearálach in aghaidh Donald Trump
Íomhá
Cineálcás dlí
cás coiriúil
ionchúiseamh de Donald Trump, Walt Nauta (en) Aistrigh, Carlos De Oliveira (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht8 Meitheamh 2023 - 
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
CúisFBI investigation into Donald Trump's handling of government documents (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CúisitheoirSmith special counsel investigation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cosantóir
CúirtUnited States District Court for the Southern District of Florida (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
BreitheamhAileen Cannon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Ar 8 Meitheamh 2023, bhí iaruachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, cúisithe ag ardghiúiré feidearálach i gcáipéisí rúnaicmithe rialtais a choinneáil, tar éis dó imeacht as an Teach Bán in 2021 agus i mbac a chur ar riar na córa. Tugtar United States v. Donald J. Trump and Waltine Nauta ar an gcás (Waltine Nauta ba ea an cúntóir pearsanta ag Trump ag an am).

Caitheamh an cás amach ar an 15 Iúil 2024 ach dúirt lucht an ionchúisimh go bhfuil siad chun achomharc a lorg.[1][2]

Bhí cúiseanna eile curtha ina leith chomh maith – comhcheilg a bheith ar bun aige agus ráitis bhréige a dhéanamh ina measc.[3] Bhí an pobal a thacaíonn le Trump dall ar na cúiseanna agus ar na cásanna seo ar fad. [4]

faisnéis rúnaicmithe ag Mar-a-Lago, 30 Lúnasa 2022
eolas rúnda ag Mar-a-Lago, 30 Lúnasa 2022

I mí Lúnasa 2022, rinne gníomhairí ón FBI ruathar gan choinne ar eastát an iar-Uachtaráin in Florida Chuardaigh na gníomhairí an áit go mion agus thug siad leo na mílte cáipéis a bhí faoi ghlas i dtaisceadán.

Special Counsel Jack Smith ar 9 Meitheamh 2023

De réir an dlí, ba cheart aon cháipéis rúnaicmithe a bhí ina sheilbh ag Trump a bheith tugtha ar láimh aige do Chartlann Náisiúnta na Stát Aontaithe nuair a tháinig deireadh lena théarma oifige.

Líomhnaítear gur thug Trump cáipéisí rúnaicmithe ón Teach Bán go dtí Florida leis lena scrios nuair a tháinig deireadh lena thréimhse mar uachtarán, beart a bheadh in aghaidh an dlí. Faoi Acht Thaifid an Uachtaráin, is leis an Rialtas gach ábhar oifigiúil agus ní mór é ar fad a chur ar fáil don chartlann ach a dtagann deireadh le téarma Uachtaráin. Choinnigh an t-iarUachtarán 15 bosca d’ábhar a d’iarr oifigigh ón gCartlann Náisiúnta air a thabhairt ar ais ar feadh roinnt míonna agus níor scar sé leo go dtí gur bagraíodh an dlí air chun iad a fháil ar ais.[5]

Le linn 2022/2023, bhí an t-abhcóide speisialta Jack Smith ag leanacht lena chuid oibre. Beidh tuilleadh fógraí faoi chúiseanna á ndéanamh aige sna míonna seo romhainn.

Bhí ard-Ghiúiré curtha faoi mhion i mí Iúil 2023 i Georgia.[6] Tabharfaidh an Ard-Ghiúiré breithiúnas ar na céadta cáipéis atá á gcur mar fhianaise go ndearna Trump iarracht toradh thoghchán na huachtaránachta in 2020 a chur ar neamhní go calaoiseach.[4]

Senate Committee on the Judiciary, 2021-10-07[7]

Mí na Nollag i 2023 an dáta a bhí leagtha don chás. Ach bhí súil ag foireann Trump nach mbeidh aon triail ann go dtí tar éis an toghcháin i mí na Samhna 2024.[4]

An Breitheamh Aileen Cannon[8]

Ar an 15 Iúil 2024, rialaigh an Breitheamh Dúiche Aileen Cannon[8] (ar an eite dheis ar fad agus a ceapadh i Florida faoi réimeas Trump) gur go mídhleathach a cuireadh an tIonchúisitheoir Jack Smith i gceannas ar an gcás "gan an t-údarás sin a bheith aige".[1]

Dúirt lucht an ionchúisimh ar an 15 Iúil go bhfuil siad chun achomharc a lorg.

Míniú - ceist nós imeachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé tarlaithe go minic gur cheadaigh na cúirteanna don Roinn Dlí is Cirt san Rialtas Feidearálach 'abhcóidí speisialta' a cheapadh i gcás ionchúiseamh phearsa polaitiúil. Ach glacadh le cás dhlíodóirí Trump nach raibh sé d’údarás ag an Ard-Aighne Merrick Garland’s cinneadh a dhéanamh i 2022 an tUasal Smith a chur i gceannas ar an bhfiosrúchán faoi na cáipéisí. Sárú a bhí ansin ar Bhunreacht na tíre a dúradh mar nach iad an Pharlaimint (Teach na nIonadaithe agus an Seanad i Washington DC) a chruthaigh an oifig, agus mar nach raibh an ceapachán deimhnithe ag an Seanad.[1]

Ní raibh sé ach coicís ó fuair Trump fuascailt mór eile ón dlí, i mbreithiúnas ón gCúirt Uachtarach ar an 1 Iúil 2024 a rialaigh go bhfuil sé slán ó aon chontúirt cúiseamh do mhórchuid den méid a rinne sé agus é in oifig ó hEanáir 2017 go hEanáir 2021.[9][10][11]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2024-07-15). "Fuascailt ag Trump ó chás eile cúirte ina aghaidh" (as ga-IE). 
  2. "Read the Ruling That Dismisses the Documents Case Against Trump" (en-US). The New York Times (2024-07-15). Dáta rochtana: 2024-07-26.
  3. "Donald Trump cúisithe i gcáipéisí rúnaicmithe a choinneáil" (as ga) (2023-06-09). 
  4. 4.0 4.1 4.2 Máirín Ní Ghadhra (14 Iúil 2023). "Ní cosúil go gcuirfidh an dlí aon bhac ar iarracht Trump filleadh ar an Teach Bán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-14.
  5. "Trump cúisithe as cáipéisí rúnaicmithe a choinneáil go mídhleathach" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-06-09). Dáta rochtana: 2023-06-09.
  6. "A grand jury sworn in Tuesday could decide whether Trump is charged over Georgia's 2020 election" (en). AP News (2023-07-11). Dáta rochtana: 2023-07-14.
  7. "Subverting Justice: How the Former President and His Allies Pressured DOJ to Overturn the 2020 Election | United States Senate Committee on the Judiciary" (en). www.judiciary.senate.gov. Dáta rochtana: 2023-08-20.
  8. 8.0 8.1 "Aileen Cannon" (as en) (2024-07-19). Wikipedia. 
  9. supremecourt.gov (1 Iúil 2024). "Téacs : 23-939 Trump v. United States (07/01/2024)". Dáta rochtana: 2024.
  10. Nuacht RTÉ (2024-07-01). "Díolúine ó ionchúiseamh ag Trump in aon bheart oifigiúil - SCOTUS" (as ga-IE). 
  11. "What is an ‘official’ act, and how will a judge interpret Trump’s immunity?" (en). Washington Post (2024-07-03). Dáta rochtana: 2024-07-26.
  12. "Subverting Justice: How the Former President and His Allies Pressured DOJ to Overturn the 2020 Election | United States Senate Committee on the Judiciary" (en). www.judiciary.senate.gov. Dáta rochtana: 2023-08-20.